D’fhan Hughie ansin 1½ bliain agus ansin phill sé na bhaile nuair a bhí a uncail, Aodh Ó Dugáin as Dobhar, ag glacadh páirt sa fothoghchán i 1948 agus chuidigh Hughie leis an canbhasáil a dhéanamh. Bhí cuid mhór oibre agus cuid mhór taistil i gceist, ní raibh mórán cleachtadh acu ar an obair sin agus clann na Poblachta a bhí a uncail ag seasamh do. San am bhí mórchuid dena daoine le Fianna Fáil nó Fine Gael. Ba dhoiligh a insint cén dóigh a rachadh na daoine. Ach sa deireadh fuair sé suíochán ar Chomhairle na Contae. | 00:04:28 | |